Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála é Jimmy Deenihan (Gaeilge: Séamus Ó Duibhneacháin). Tá sé ina bhall d'Fhine Gael. Tar éis toghchán ginearálta na bliana 2011 roghnaíodh é mar Aire Gaeltachta, Ealaíne is Oidhreachta rud a tharraing cáineadh toisc go raibh Gaeilge lag go maith aige. D'imir sé peil ar son Chiarraí sna 1970dí agus na 1980dí.
Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán.